![]() |
||
|
Nollaig 2011
Match Reports
|
An Brat Glas 2012/2013
Comórtaisí Comórtas Eolaí na nÓg 2013
Níl Cadhnraí Iniata Chaith Rang 4 mí na Nollag agus mí Eanáir
ag déanamh tionscadail eolaíochta Toisc gur aimsir na Nollag a bhí i gceist, dhear agus chruthaigh Rang 4 réimse bréagán a bhí in ann gluaiseacht, as a stuaim féin, gan úsáid cadhnraí nó ceallraí. D’úsáideadh fuinneamh gaoithe, fuinneamh meicniúil, fuinneamh leaisteach, fuinneamh statach, agus rl, sa phróiseas seo. Cuireadh suirbhé ar ranganna 1-6 tar éis na Nollag chun méid na gcadhnraí i mbronntanais Nollag na bpáistí a thomhas. An toradh is suimiúla a nochtaigh an suirbhé ná gurb iad cadhnraí agus ceallraí in-athluchtaithe an céatadán is mó cadhnraí a bhí ar fáil sna bronntanais Nollag. Tar éis na n-ullmhúchán agus an taighde go léir, d’fhreastail Rang 4 ar Thaispeántas na nEolaithe Óga (Primary Science Fair) ar Aoine an 11 Eanáir 2013 chun a dtionscadal a chur os comhair an phobail. Bhaineadar an-taitneamh agus tairbhe as an lá iontach sa RDS. Comórtas Maisiúcháin na Nollag 2012 Bhuaigh Elaine Ní Threasaigh agus Jenny Ní
Mheidhir an comórtas imscoile do Mhaisiucháin na Nollag
déanta as ábhair athchursáilte. Lean siad ar aghaidh
ansin don chraobh áitiúil an bhaile, Aonach Urmhumhan.
Tháinig Elaine sa dara háit ansin. Comhghairdeachas libh,
and to all the children who took part and made lovely recycled Christmas
decorations which we enjoyed seeing displayed around the school.
Comórtas Eolaí na nÓg 2012
Comórtas Athchúrsála na Nollag eagraithe ag an gComhairle Contae 2011 Roghnaíodh maisiúchán na Nollag Naoise Ní Ghioballáin chun dul ar aghaidh chuig an gcomórtas. Rinne sí a maisiúchán as seanchoinnead, liathróid agus páipéar.
|
|
| © 2014 Gaelscoil Aonach Urmhumhan
|
||